Title: Nár
fhág ariamh mo chuimhne: seisear caomhnóirí Gaeilge as Maigh Eo
Author: Fionnuala
Uí Fhlannagáin
ISBN: 9781916240353
Published: December
2020
Pages: 240
Type: Paperback
Description (Irish):
Anthony Lally – Dillon J. McCormick – Patrick A. Dougher
– John F. Lavelle - Martin P. Ward – Martin J. Henehan
Saothar é seo ina ndírítear ar sheisear ó Mhaigh Eo – ó
cheantair Bhéal an Mhuirthead, Iorrais, Bhéal an Átha, Acla, Oileán Éadaí, agus
Thuar Mhic Éadaigh – a d’imigh go Meiriceá i ndiaidh an Ghorta. Cainteoirí
dúchais ab ea iad agus rinneadar go léir beart de réir a mbriathar maidir le
caomhnú na Gaeilge.
Bhí ceathrar acu i mbun pinn agus thagair gach duine acu ina
gcuid scríbhneoireachta do na sráidbhailte inar tógadh iad, chomh maith le
himeachtaí domhanda. Is léir go raibh tarraingt nach beag ag a mbailte dúchais
féin orthu. Chum na filí, Lally agus Dougher, dánta a bhain le Maigh Eo ach bhí
spéis acu i ngnóthaí idirnáisiúnta freisin agus rinne siad tagairt d’imeachtaí
i dtíortha eile — Sasana, An tSiria, Veiniséala agus an Tuirc. Sholáthraigh
McCormick saothar próis agus Ward filíocht agus amhráin a raibh baint ag an
ábhar le Maigh Eo do léitheoirí An Gaodhal.
Bhí Lavelle gnóthach le Cumainn Náisiúnta le linn dó a
bheith in Cleveland agus ba dhuine de bhunaitheoirí an chéad chumainn Gaeilge i
gCeanada é. Ba é Henehan, a bhí cairdiúil le hEoghan Ó Gramhnaigh,
príomhbhunaitheoir Chonradh Gaeilge Mheiriceá.
Cuireann Fionnuala Uí Fhlannagáin mionsonraí faoin seisear
ar fáil, a thugann léargas ar a stádas agus a seasamh i measc na nGael thall.
Description (English):
Anthony Lally – Dillon J. McCormick – Patrick A. Dougher
– John F. Lavelle – Martin P. Ward – Martin J. Henehan
This book focuses on six men from Mayo – from Belmullet,
Erris, Ballina, Acla, Islandeady, and Tourmakeady – who left for America after
the Famine. They were all native Irish speakers who went on to promote the
Irish language.
Four of them were writers who all referenced the villages
where they grew up in their writings, as well as international events. It's
clear that they had a strong connection with their hometowns. The poets, Lally
and Dougher, wrote poems about Mayo but they were also intersted in
international happenings and wrote about events in countries such as England,
Syria, Venezuela, and Turkey. McCormick wrote prose and Ward wrote peoms and
songs about Mayo for the readers of An Gaodhal.
Lavelle was involved with National Societies while he was in
Cleveland and he was one of the founders of the first Gaelic League in Canada.
Henehan, who was friendly with Eoghan Ó Gramhnaigh, was the main founder of the
Gaelic League of America.
Fionnuala Uí Fhlannagáin provides details of these six men
and gives us an insight into their standing and status amongst the Irish in
America.
About the author (Irish):
Ba i gContae Mhaigh Eo a rugadh Fionnuala Uí Fhlannagáin.
Chaith sí roinnt blianta mar mhúinteoir bunscoile i gCaisleán an Bharraigh agus
i gCill Iníon Léinín, Baile Átha Cliath. Tá spéis ar leith aici in iarrachtaí
na nGael i gcur chun cinn na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh sa naoú haois déag. Tá
duaiseanna éagsúla buaite aici i gComórtais Liteartha an Oireachtais agus í ag
plé an ábhair sin. Bhí sí ina haoichainteoir ag Siompóisiam Gaeilge i gColáiste
Lehman, Nua-Eabhrac in 2016. Tá dhá leabhar foilsithe aici – Mícheál Ó
Lócháin agus An Gaodhal, foilsithe ag Clóchomhar Tta. (1990), agus Fíníní
Mheiriceá agus an Ghaeilge, foilsithe ag Coiscéim (2008).
About the author (English):
Fionnuala Uí Fhlannagáin was born in County Mayo. She spent
some years working in Castlebar and in Killiney, Dublin as a primary school
teacher. She is interested in the efforts of the Irish to promote the Irish
language in North America in the 19th century. Two of her publications are: Mícheál
Ó Lócháin agus An Gaodhal, foilsithe ag Clóchomhar Tta. (1990), agus Fíníní
Mheiriceá agus an Ghaeilge, foilsithe ag Coiscéim (2008).
Nár fhág ariamh mo chuimhne: Seisear caomhnóirí Gaeilge as Maigh Eo
- Product Code: Fionnuala Uí Fhlannagáin
- Availability: In Stock
-
€15.00
Related Products
Tags: 9781916240353, Fionnuala, Fhlannagáin, Nár, nar, fhag, fhág, ariamh, mo, chuimhne, seisear, caomhnóirí, Gaeilge, as, Maigh, Eo, Nar, Finola