• Scéal Muirí Mhuigh Eo

Author: Breandán Mac Conamhna


ISBN: 9781914596452


Tá oidhreacht láidir na mara ar Chondae Mhuigh Eo, agus insíonn an leabhar seo scéal na hoidhreachta sin. Tá scéalta ann: faoi na daoine a mhair ar an gcósta sa tráth roimh stair; faoi na manaigh; faoi Gráinne Ní Mháille agus a muintir; faoi ionramh na bhFranncach; faoi shoithí dúchasacha Mhuigh Eo; agus go leor

scéalta eile. Tá cuir síos ar na hiascaireachtaí a bhí tábhachtach ó thimpeall 1850, go dtí an lá atá inniu ann, agus tá go leor íomhánna agus táblaí a chuidíonn leis na scéalta. Tá an leabhar scríofa i nGaeilge Iorrais.

About the author

Rugadh agus tóigeadh Breandán i mBéal Deirg, i nGaeltacht Iorrais. D’fhreastail sé ar scoil lán Ghaelach, Choláiste Éinde, Gaillimh, ó 1949 go dtí 1953. Bhain sé céim amach, trí Ghaeilge, ó Ollscoil na Gaillimhe, i 1956, agus iarchéim i 1957. Bhí sé ag obair ina dhiaidh sin mar mhúinteoir agus mar léachtóir, i Sasana, ó 1959 go 1980. Ceapadh é mar Phríomh Oide ar an gCeard choláiste Réigiúnach, Sligeach, i 1980, agus ina dhiaidh sin bhí sé ina Stiúrthóir ar an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach. Chuaigh sé ar scor i 2001. Bhí Breandán an-ghraitheach agus é ar scor. Tá ceithre leabhar scríofa aige, dhá cheann i nGaeilge. Tá trí churach aige, agus seachas blianta Covid, bíonn siad ar theasbántais aige ag Feilte na Mara sa bhFrainc.

Write a review

Please login or register to review

Scéal Muirí Mhuigh Eo

  • Product Code: Breandán Mac Conamhna
  • Availability: In Stock
  • €25.00


Tags: Sceal, Muiri, Mhuigh, Eo, Breandán Mac Conamhna, 9781914596452